.
Wealth by Reine
The sky seals
That envelope of mountain and earth
Wherein I enclose all my dreams
My memories, my secrets
And the sea washes away the dross
That will not fit or that defies category
If I could send it to you I would…
If I could empty its contents on your doorstep
Arched over by a rainbow and soft underfoot
I would send the missive daily
Instead, all that will fit is this crisp note
It may suffice for the acquisition
Of an image that will scratch the surface
Of this vast wealth
Saibhris, translated from English into Irish by Colm Breathnach.
Cuireann an spéir séala
Ar chlúdach litreach sin an tsléibhe is na talún
Go gcuirim faoi iamh ann mo chuid rún,
M’aislingí agus mo chuimhní go léir
Agus scuabann an fharraige chun siúil
An cacamas sin ar fad
Nach raghaidh isteach nó nach féidir a rangú
Dá bhféadfainn, dhéanfainn é a sheoladh chugat…
A inneachar a fhágaint ar do thairseach, b’fhéidir
Tuar ceatha ina stua thairis agus é bog faoi do chosaibh
Chuirfinn litir chugat in aghaidh an lae
Dá cheann sin ní raghaidh ann ach an nóta tirim airgid seo
Gur leor é, ráineodh, chun íomhá a fháil
A bhainfidh an barr do scéal an tsaibhris áibhéil seo.
Leave a comment